Julie Breathnach-Banwait

Do choinneáil

Dá bhfágfainn lorg 

do shaol ar pháipéar

gach foscéal is faisnéis 

scríofa fút le focal fánach

gach gáire a phléasc asat 

diosctha dealaithe

scéal na ndeora 

a chuimil tú ód leiceann

-i nguais ghoilliúnach-

le cúl do mhuinchille scaipthe

gach amhrán bog a sciorr uait

i gciúnas réiteach tae

cruaite i gcaibidil chasta

cumhdaithe i véarsa

síolaithe i stéibh

réabtha i rainn

bheadh tú liom go deo


Julie Breathnach-Banwait is a psychologist and bilingual poet and writer who has published two Irish language poetry books with Coiscéim, Dánta Póca in 2020 and Ar thóir gach ní in 2022. She is currently living in Tasmania with her family.